{"id":{"repo_id":"dcu","oai_identifier":"oai:doras.dcu.ie:21343"},"canonical_url":"https://search.ndltd.org/etd/dcu/oai:doras.dcu.ie:21343","repository":{"repo_id":"dcu","name":"Dublin City University","base_url":"http://doras.dcu.ie/cgi/oai2"},"display":{"title":"Tiomsú agus rangú i mbunachar sonraí ar chnuasach nathanna gaeilge as saothar Pheadair Uí Laoghaire","abstract":"Cuirtear i láthair sa tráchtas seo cnuasach nathanna, a rangaítear i mbunachar sonraí, as leabhair a foilsíodh i nGaeilge le Peadar Ó Laoghaire (1839–1920). Tugtar forléargas ar nathanna faoi dhá mhórshruth léinn: (i) mór-réimse léinn na teangeolaíochta agus (ii) réimse foclóireachta agus réimse canúineolaíochta na Gaeilge. Sa tráchtas seo, sainmhínítear nath mar chineál frásaeime, a bhfuil brí fháthchiallach leis i gcás an chlásail ina iomláine nó brí aonadach nach féidir a dhéanamh amach as brí na gcomhpháirteanna aonair den nath. Ní féidir na comhpháirteanna sin a athrú ach taobh istigh de theorainneacha cúnga réamhshainithe. Déantar scrúdú ar nathanna faoi shainréimse léinn na frásaíochta agus cuirtear leis an staidéar acadúil a rinneadh sa réimse sin i nGaeilge roimhe seo. Déantar sin trí chorpas de leabhair fhoilsithe Pheadair Uí Laoghaire a thiomsú de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta agus trí chur chuige corpais a leanúint. Déantar imscrúdú ar an gcorpas chun nathanna a nochtadh. Cruthaítear bunachar nathanna agus déantar nathanna a thaifeadadh, a mhíniú agus a rangú ann. Tugtar léargas ar scéimre an bhunachair agus rangaítear na nathanna de réir tíopeolaíochtaí éagsúla na frásaíochta ann. Taighde úrnua i gcás nathanna na Gaeilge is ea an taighde seo ina gcuirtear bunachar digiteach mar aon lena fheidhmeanna cuardaigh agus taifeadta i gcroílár an taighde. Suitear an staidéar ar nathanna na Gaeilge i sainréimse na frásaíochta agus leagtar síos cur chuige a d’fhéadfadh a bheith mar eiseamláir ag taighdeoirí eile amach anseo.","abstract_html":"Cuirtear i láthair sa tráchtas seo cnuasach nathanna, a rangaítear i mbunachar sonraí, as leabhair a foilsíodh i nGaeilge le Peadar Ó Laoghaire (1839–1920). Tugtar forléargas ar nathanna faoi dhá mhórshruth léinn: (i) mór-réimse léinn na teangeolaíochta agus (ii) réimse foclóireachta agus réimse canúineolaíochta na Gaeilge. Sa tráchtas seo, sainmhínítear nath mar chineál frásaeime, a bhfuil brí fháthchiallach leis i gcás an chlásail ina iomláine nó brí aonadach nach féidir a dhéanamh amach as brí na gcomhpháirteanna aonair den nath. Ní féidir na comhpháirteanna sin a athrú ach taobh istigh de theorainneacha cúnga réamhshainithe. Déantar scrúdú ar nathanna faoi shainréimse léinn na frásaíochta agus cuirtear leis an staidéar acadúil a rinneadh sa réimse sin i nGaeilge roimhe seo. Déantar sin trí chorpas de leabhair fhoilsithe Pheadair Uí Laoghaire a thiomsú de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta agus trí chur chuige corpais a leanúint. Déantar imscrúdú ar an gcorpas chun nathanna a nochtadh. Cruthaítear bunachar nathanna agus déantar nathanna a thaifeadadh, a mhíniú agus a rangú ann. Tugtar léargas ar scéimre an bhunachair agus rangaítear na nathanna de réir tíopeolaíochtaí éagsúla na frásaíochta ann. Taighde úrnua i gcás nathanna na Gaeilge is ea an taighde seo ina gcuirtear bunachar digiteach mar aon lena fheidhmeanna cuardaigh agus taifeadta i gcroílár an taighde. Suitear an staidéar ar nathanna na Gaeilge i sainréimse na frásaíochta agus leagtar síos cur chuige a d’fhéadfadh a bheith mar eiseamláir ag taighdeoirí eile amach anseo.","abstract_has_math":false,"creators":["Ní Loingsigh, Katie"],"institution":"Dublin City University","degree_name":"phd","degree_level":"doctoral","degree_discipline":null,"degree_department":null,"school":null,"contributors":[],"advisors":[],"committee_chairs":[],"committee_members":[],"year":2016,"date_issued":"2016-11","date_published":"2016-11","updated_at":"2026-11-25T19:59:03Z","subjects":[],"languages":["ga"],"rights":[],"rights_urls":[],"identifier_entries":[],"person_identifier_entries":[]},"links":{"outbound_url":"https://doras.dcu.ie/21343/","outbound_label":"Repository record","outbound_source":"dc:identifier.uri","record_url":"https://doras.dcu.ie/21343/","record_label":"Repository record","record_kind":"record","record_source":"dc:identifier.uri","access_status":null,"embargo_until":null,"access_note":null},"oai_pmh_record":{"url":"https://union.ndltd.org/oai-pmh/?verb=GetRecord&metadataPrefix=oai_dc&identifier=oai%3Aunion.ndltd.org%3Arepo%3Adcu%3Aoai%3Adoras.dcu.ie%3A21343","prefix":"oai_dc"},"source_record":{"url":"http://doras.dcu.ie/cgi/oai2?verb=GetRecord&metadataPrefix=uketd_dc&identifier=oai%3Adoras.dcu.ie%3A21343","prefix":"uketd_dc"},"metadata_groups":[{"id":"people","label":"People","entries":[{"key":"dc:creator","label":"Author","values":["Ní Loingsigh, Katie"]}]},{"id":"academic_context","label":"Academic Context","entries":[{"key":"dc:date","label":"Dc Date","values":["2016-11"]},{"key":"dc:date.issued","label":"Date","values":["2016-11"]},{"key":"dc:publisher.institution","label":"Dc Publisher Institution","values":["Dublin City University"]},{"key":"dc:type","label":"Dc Type","values":["Thesis"]},{"key":"dc:type.qualificationlevel","label":"Dc Type Qualificationlevel","values":["doctoral"]},{"key":"dc:type.qualificationname","label":"Dc Type Qualificationname","values":["phd"]}]},{"id":"language_rights","label":"Language and Rights","entries":[{"key":"dc:language","label":"Dc Language","values":["ga"]}]},{"id":"identifiers","label":"Identifiers","entries":[{"key":"dc:identifier.uri","label":"Identifier URI","values":["https://doras.dcu.ie/21343/"]}]},{"id":"additional","label":"Additional Metadata","entries":[{"key":"dc:description.abstract","label":"Abstract","values":["Cuirtear i láthair sa tráchtas seo cnuasach nathanna, a rangaítear i mbunachar sonraí, as leabhair a foilsíodh i nGaeilge le Peadar Ó Laoghaire (1839–1920). Tugtar forléargas ar nathanna faoi dhá mhórshruth léinn: (i) mór-réimse léinn na teangeolaíochta agus (ii) réimse foclóireachta agus réimse canúineolaíochta na Gaeilge. Sa tráchtas seo, sainmhínítear nath mar chineál frásaeime, a bhfuil brí fháthchiallach leis i gcás an chlásail ina iomláine nó brí aonadach nach féidir a dhéanamh amach as brí na gcomhpháirteanna aonair den nath. Ní féidir na comhpháirteanna sin a athrú ach taobh istigh de theorainneacha cúnga réamhshainithe. Déantar scrúdú ar nathanna faoi shainréimse léinn na frásaíochta agus cuirtear leis an staidéar acadúil a rinneadh sa réimse sin i nGaeilge roimhe seo. Déantar sin trí chorpas de leabhair fhoilsithe Pheadair Uí Laoghaire a thiomsú de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta agus trí chur chuige corpais a leanúint. Déantar imscrúdú ar an gcorpas chun nathanna a nochtadh. Cruthaítear bunachar nathanna agus déantar nathanna a thaifeadadh, a mhíniú agus a rangú ann. Tugtar léargas ar scéimre an bhunachair agus rangaítear na nathanna de réir tíopeolaíochtaí éagsúla na frásaíochta ann. Taighde úrnua i gcás nathanna na Gaeilge is ea an taighde seo ina gcuirtear bunachar digiteach mar aon lena fheidhmeanna cuardaigh agus taifeadta i gcroílár an taighde. Suitear an staidéar ar nathanna na Gaeilge i sainréimse na frásaíochta agus leagtar síos cur chuige a d’fhéadfadh a bheith mar eiseamláir ag taighdeoirí eile amach anseo."]},{"key":"dc:format","label":"Dc Format","values":["application/pdf"]},{"key":"dcterms:accessrights","label":"Dcterms Accessrights","values":["public"]},{"key":"dc:title","label":"Title","values":["Tiomsú agus rangú i mbunachar sonraí ar chnuasach nathanna gaeilge as saothar Pheadair Uí Laoghaire"]}]}],"canonical_facts":{"dc:creator":["Ní Loingsigh, Katie"],"dc:date":["2016-11"],"dc:date.issued":["2016-11"],"dc:description.abstract":["Cuirtear i láthair sa tráchtas seo cnuasach nathanna, a rangaítear i mbunachar sonraí, as leabhair a foilsíodh i nGaeilge le Peadar Ó Laoghaire (1839–1920). Tugtar forléargas ar nathanna faoi dhá mhórshruth léinn: (i) mór-réimse léinn na teangeolaíochta agus (ii) réimse foclóireachta agus réimse canúineolaíochta na Gaeilge. Sa tráchtas seo, sainmhínítear nath mar chineál frásaeime, a bhfuil brí fháthchiallach leis i gcás an chlásail ina iomláine nó brí aonadach nach féidir a dhéanamh amach as brí na gcomhpháirteanna aonair den nath. Ní féidir na comhpháirteanna sin a athrú ach taobh istigh de theorainneacha cúnga réamhshainithe. Déantar scrúdú ar nathanna faoi shainréimse léinn na frásaíochta agus cuirtear leis an staidéar acadúil a rinneadh sa réimse sin i nGaeilge roimhe seo. Déantar sin trí chorpas de leabhair fhoilsithe Pheadair Uí Laoghaire a thiomsú de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta agus trí chur chuige corpais a leanúint. Déantar imscrúdú ar an gcorpas chun nathanna a nochtadh. Cruthaítear bunachar nathanna agus déantar nathanna a thaifeadadh, a mhíniú agus a rangú ann. Tugtar léargas ar scéimre an bhunachair agus rangaítear na nathanna de réir tíopeolaíochtaí éagsúla na frásaíochta ann. Taighde úrnua i gcás nathanna na Gaeilge is ea an taighde seo ina gcuirtear bunachar digiteach mar aon lena fheidhmeanna cuardaigh agus taifeadta i gcroílár an taighde. Suitear an staidéar ar nathanna na Gaeilge i sainréimse na frásaíochta agus leagtar síos cur chuige a d’fhéadfadh a bheith mar eiseamláir ag taighdeoirí eile amach anseo."],"dc:format":["application/pdf"],"dc:identifier.uri":["https://doras.dcu.ie/21343/"],"dc:language":["ga"],"dc:publisher.institution":["Dublin City University"],"dcterms:accessrights":["public"],"dc:title":["Tiomsú agus rangú i mbunachar sonraí ar chnuasach nathanna gaeilge as saothar Pheadair Uí Laoghaire"],"dc:type":["Thesis"],"dc:type.qualificationlevel":["doctoral"],"dc:type.qualificationname":["phd"]},"updated_at":"2026-11-25T19:59:03Z"}