{"id":{"repo_id":"dcu","oai_identifier":"oai:doras.dcu.ie:25325"},"canonical_url":"https://search.ndltd.org/etd/dcu/oai:doras.dcu.ie:25325","repository":{"repo_id":"dcu","name":"Dublin City University","base_url":"http://doras.dcu.ie/cgi/oai2"},"display":{"title":"Seán Ó Ciarghusa: a bheatha agus a shaothar iriseoireachta","abstract":"Tugann an tráchtas seo léiriú dúinn ar shaothar iriseoireachta Sheáin Uí Chiarghusa. Tá anailís na scríbhinní seo i gcroílár an tráchtais. I dtosach báire, tugtar léiriú ar shaol Uí Chiarghusa agus é ina oifigeach Custaim is Máil, colúnaí agus conraitheoir gníomhach. Saolaíodh sa bhliain 1873 é agus fuair sé bás i 1956. Ba as Coill na Gráinsí, Co. Phort Láirge dó, fiche míle ó Ghaeltacht na Rinne. Tugann an tráchtas seo léiriú ar an obair a rinne Seán Ó Ciarghusa mar oifigeach Custaim is Máil sa Ríocht Aontaithe, i dTuaisceart na hÉireann agus i mBaile Átha Cliath chomh maith. Anuas air seo, tugann sé léiriú dúinn ar na rólanna éagsúla a bhí aige mar bhall den Chonradh fad is a bhí sé ina oifigeach Custaim is Máil sna háiteanna seo. Nochtann an staidéar seo an fonn a bhí air aidhmeanna agus cuspoirí an Chonartha a chur chun cinn fad is a bhí sé ag obair sna háiteanna difriúla seo. Ag casadh an chéid, d’fhoilsigh sé i ndhá phríomhnuachtán An Claidheamh Soluis agus The Leader, go príomha. Cé nár oileadh mar scríbhneoir é, bhain sé úsáid as uirlis chumarsáide na nuachtán agus na dtréimhseachán, chun a chuid tuairimí a fhoilsiú maidir le conspóidí agus díospóireachtaí comhaimseartha. Is iad seo a leanas liosta na dtéamaí roghnaithe atá mar chuid den staidéar seo; áit na Gaeilge i gcóras oideachais na hÉireann, neamhshuim an aosa óig sa teanga, tionchar an chultúir eachtrannaigh in Éirinn agus stádas na Gaeilge i bPort Láirge, áit dhúchais Uí Chiarghusa, le linn tús na hAthbheochana. Ina theannta sin, tugann Ó Ciarghusa léiriú dúinn ar scoláirí mór le rá na Gaeilge le linn an ama seo. Is gné lárnach í an anailís seo den tráchtas. Is foinsí luachmhara, tábhachtacha, stairiúla iad na scríbhinní seo a chaitheann solas ar dhíospóireachta comhaimseartha na fichiú haoise. Baineann an chaibidil dheireanach le conclúidí an tráchtais agus leis an méid atá foghlamtha againn mar gheall ar Sheán Ó Ciarghusa mar dhuine agus mar scríbhneoir.","abstract_html":"Tugann an tráchtas seo léiriú dúinn ar shaothar iriseoireachta Sheáin Uí Chiarghusa. Tá anailís na scríbhinní seo i gcroílár an tráchtais. I dtosach báire, tugtar léiriú ar shaol Uí Chiarghusa agus é ina oifigeach Custaim is Máil, colúnaí agus conraitheoir gníomhach. Saolaíodh sa bhliain 1873 é agus fuair sé bás i 1956. Ba as Coill na Gráinsí, Co. Phort Láirge dó, fiche míle ó Ghaeltacht na Rinne. Tugann an tráchtas seo léiriú ar an obair a rinne Seán Ó Ciarghusa mar oifigeach Custaim is Máil sa Ríocht Aontaithe, i dTuaisceart na hÉireann agus i mBaile Átha Cliath chomh maith. Anuas air seo, tugann sé léiriú dúinn ar na rólanna éagsúla a bhí aige mar bhall den Chonradh fad is a bhí sé ina oifigeach Custaim is Máil sna háiteanna seo. Nochtann an staidéar seo an fonn a bhí air aidhmeanna agus cuspoirí an Chonartha a chur chun cinn fad is a bhí sé ag obair sna háiteanna difriúla seo. Ag casadh an chéid, d’fhoilsigh sé i ndhá phríomhnuachtán An Claidheamh Soluis agus The Leader, go príomha. Cé nár oileadh mar scríbhneoir é, bhain sé úsáid as uirlis chumarsáide na nuachtán agus na dtréimhseachán, chun a chuid tuairimí a fhoilsiú maidir le conspóidí agus díospóireachtaí comhaimseartha. Is iad seo a leanas liosta na dtéamaí roghnaithe atá mar chuid den staidéar seo; áit na Gaeilge i gcóras oideachais na hÉireann, neamhshuim an aosa óig sa teanga, tionchar an chultúir eachtrannaigh in Éirinn agus stádas na Gaeilge i bPort Láirge, áit dhúchais Uí Chiarghusa, le linn tús na hAthbheochana. Ina theannta sin, tugann Ó Ciarghusa léiriú dúinn ar scoláirí mór le rá na Gaeilge le linn an ama seo. Is gné lárnach í an anailís seo den tráchtas. Is foinsí luachmhara, tábhachtacha, stairiúla iad na scríbhinní seo a chaitheann solas ar dhíospóireachta comhaimseartha na fichiú haoise. Baineann an chaibidil dheireanach le conclúidí an tráchtais agus leis an méid atá foghlamtha againn mar gheall ar Sheán Ó Ciarghusa mar dhuine agus mar scríbhneoir.","abstract_has_math":false,"creators":["Sinnott, Mary"],"institution":"Dublin City University","degree_name":"mop","degree_level":null,"degree_discipline":null,"degree_department":null,"school":null,"contributors":[],"advisors":[],"committee_chairs":[],"committee_members":[],"year":2021,"date_issued":"2021-01","date_published":"2021-01","updated_at":"2026-11-25T19:59:08Z","subjects":[],"languages":["ga"],"rights":[],"rights_urls":[],"identifier_entries":[],"person_identifier_entries":[]},"links":{"outbound_url":"https://doras.dcu.ie/25325/","outbound_label":"Repository record","outbound_source":"dc:identifier.uri","record_url":"https://doras.dcu.ie/25325/","record_label":"Repository record","record_kind":"record","record_source":"dc:identifier.uri","access_status":null,"embargo_until":null,"access_note":null},"oai_pmh_record":{"url":"https://union.ndltd.org/oai-pmh/?verb=GetRecord&metadataPrefix=oai_dc&identifier=oai%3Aunion.ndltd.org%3Arepo%3Adcu%3Aoai%3Adoras.dcu.ie%3A25325","prefix":"oai_dc"},"source_record":{"url":"http://doras.dcu.ie/cgi/oai2?verb=GetRecord&metadataPrefix=uketd_dc&identifier=oai%3Adoras.dcu.ie%3A25325","prefix":"uketd_dc"},"metadata_groups":[{"id":"people","label":"People","entries":[{"key":"dc:creator","label":"Author","values":["Sinnott, Mary"]}]},{"id":"academic_context","label":"Academic Context","entries":[{"key":"dc:date","label":"Dc Date","values":["2021-01"]},{"key":"dc:date.issued","label":"Date","values":["2021-01"]},{"key":"dc:publisher.institution","label":"Dc Publisher Institution","values":["Dublin City University"]},{"key":"dc:type","label":"Dc Type","values":["Thesis"]},{"key":"dc:type.qualificationname","label":"Dc Type Qualificationname","values":["mop"]}]},{"id":"language_rights","label":"Language and Rights","entries":[{"key":"dc:language","label":"Dc Language","values":["ga"]}]},{"id":"identifiers","label":"Identifiers","entries":[{"key":"dc:identifier.uri","label":"Identifier URI","values":["https://doras.dcu.ie/25325/"]}]},{"id":"additional","label":"Additional Metadata","entries":[{"key":"dc:description.abstract","label":"Abstract","values":["Tugann an tráchtas seo léiriú dúinn ar shaothar iriseoireachta Sheáin Uí Chiarghusa. Tá anailís na scríbhinní seo i gcroílár an tráchtais. I dtosach báire, tugtar léiriú ar shaol Uí Chiarghusa agus é ina oifigeach Custaim is Máil, colúnaí agus conraitheoir gníomhach. Saolaíodh sa bhliain 1873 é agus fuair sé bás i 1956. Ba as Coill na Gráinsí, Co. Phort Láirge dó, fiche míle ó Ghaeltacht na Rinne. Tugann an tráchtas seo léiriú ar an obair a rinne Seán Ó Ciarghusa mar oifigeach Custaim is Máil sa Ríocht Aontaithe, i dTuaisceart na hÉireann agus i mBaile Átha Cliath chomh maith. Anuas air seo, tugann sé léiriú dúinn ar na rólanna éagsúla a bhí aige mar bhall den Chonradh fad is a bhí sé ina oifigeach Custaim is Máil sna háiteanna seo. Nochtann an staidéar seo an fonn a bhí air aidhmeanna agus cuspoirí an Chonartha a chur chun cinn fad is a bhí sé ag obair sna háiteanna difriúla seo. Ag casadh an chéid, d’fhoilsigh sé i ndhá phríomhnuachtán An Claidheamh Soluis agus The Leader, go príomha. Cé nár oileadh mar scríbhneoir é, bhain sé úsáid as uirlis chumarsáide na nuachtán agus na dtréimhseachán, chun a chuid tuairimí a fhoilsiú maidir le conspóidí agus díospóireachtaí comhaimseartha. Is iad seo a leanas liosta na dtéamaí roghnaithe atá mar chuid den staidéar seo; áit na Gaeilge i gcóras oideachais na hÉireann, neamhshuim an aosa óig sa teanga, tionchar an chultúir eachtrannaigh in Éirinn agus stádas na Gaeilge i bPort Láirge, áit dhúchais Uí Chiarghusa, le linn tús na hAthbheochana. Ina theannta sin, tugann Ó Ciarghusa léiriú dúinn ar scoláirí mór le rá na Gaeilge le linn an ama seo. Is gné lárnach í an anailís seo den tráchtas. Is foinsí luachmhara, tábhachtacha, stairiúla iad na scríbhinní seo a chaitheann solas ar dhíospóireachta comhaimseartha na fichiú haoise. Baineann an chaibidil dheireanach le conclúidí an tráchtais agus leis an méid atá foghlamtha againn mar gheall ar Sheán Ó Ciarghusa mar dhuine agus mar scríbhneoir."]},{"key":"dc:format","label":"Dc Format","values":["application/pdf"]},{"key":"dcterms:accessrights","label":"Dcterms Accessrights","values":["public"]},{"key":"dc:title","label":"Title","values":["Seán Ó Ciarghusa: a bheatha agus a shaothar iriseoireachta"]}]}],"canonical_facts":{"dc:creator":["Sinnott, Mary"],"dc:date":["2021-01"],"dc:date.issued":["2021-01"],"dc:description.abstract":["Tugann an tráchtas seo léiriú dúinn ar shaothar iriseoireachta Sheáin Uí Chiarghusa. Tá anailís na scríbhinní seo i gcroílár an tráchtais. I dtosach báire, tugtar léiriú ar shaol Uí Chiarghusa agus é ina oifigeach Custaim is Máil, colúnaí agus conraitheoir gníomhach. Saolaíodh sa bhliain 1873 é agus fuair sé bás i 1956. Ba as Coill na Gráinsí, Co. Phort Láirge dó, fiche míle ó Ghaeltacht na Rinne. Tugann an tráchtas seo léiriú ar an obair a rinne Seán Ó Ciarghusa mar oifigeach Custaim is Máil sa Ríocht Aontaithe, i dTuaisceart na hÉireann agus i mBaile Átha Cliath chomh maith. Anuas air seo, tugann sé léiriú dúinn ar na rólanna éagsúla a bhí aige mar bhall den Chonradh fad is a bhí sé ina oifigeach Custaim is Máil sna háiteanna seo. Nochtann an staidéar seo an fonn a bhí air aidhmeanna agus cuspoirí an Chonartha a chur chun cinn fad is a bhí sé ag obair sna háiteanna difriúla seo. Ag casadh an chéid, d’fhoilsigh sé i ndhá phríomhnuachtán An Claidheamh Soluis agus The Leader, go príomha. Cé nár oileadh mar scríbhneoir é, bhain sé úsáid as uirlis chumarsáide na nuachtán agus na dtréimhseachán, chun a chuid tuairimí a fhoilsiú maidir le conspóidí agus díospóireachtaí comhaimseartha. Is iad seo a leanas liosta na dtéamaí roghnaithe atá mar chuid den staidéar seo; áit na Gaeilge i gcóras oideachais na hÉireann, neamhshuim an aosa óig sa teanga, tionchar an chultúir eachtrannaigh in Éirinn agus stádas na Gaeilge i bPort Láirge, áit dhúchais Uí Chiarghusa, le linn tús na hAthbheochana. Ina theannta sin, tugann Ó Ciarghusa léiriú dúinn ar scoláirí mór le rá na Gaeilge le linn an ama seo. Is gné lárnach í an anailís seo den tráchtas. Is foinsí luachmhara, tábhachtacha, stairiúla iad na scríbhinní seo a chaitheann solas ar dhíospóireachta comhaimseartha na fichiú haoise. Baineann an chaibidil dheireanach le conclúidí an tráchtais agus leis an méid atá foghlamtha againn mar gheall ar Sheán Ó Ciarghusa mar dhuine agus mar scríbhneoir."],"dc:format":["application/pdf"],"dc:identifier.uri":["https://doras.dcu.ie/25325/"],"dc:language":["ga"],"dc:publisher.institution":["Dublin City University"],"dcterms:accessrights":["public"],"dc:title":["Seán Ó Ciarghusa: a bheatha agus a shaothar iriseoireachta"],"dc:type":["Thesis"],"dc:type.qualificationname":["mop"]},"updated_at":"2026-11-25T19:59:08Z"}