{"id":{"repo_id":"dcu","oai_identifier":"oai:doras.dcu.ie:26218"},"canonical_url":"https://search.ndltd.org/etd/dcu/oai:doras.dcu.ie:26218","repository":{"repo_id":"dcu","name":"Dublin City University","base_url":"http://doras.dcu.ie/cgi/oai2"},"display":{"title":"Na Laoidigh: athair agus mac","abstract":"Cuireann an tráchtas seo roimhe cur leis an bhfaisnéis bheathaisnéiseach a bhí ar fáil faoin Dr. Joseph Henry Lloyd agus faoina mhac, Seosamh Laoide, agus míthuiscintí áirithe buanaithe sna cuntais reatha a cheartú. Scrúdaíodh cúlra cultúrtha agus teangeolaíoch na beirte agus na róil a bhí acu, duine ar dhuine, i gCumann Buan-Choimeádta na Gaeilge, agus, i gcás Seosaimh, i gConradh na Gaeilge, ar chuidigh sé é a bhunú. Pléitear tionchar an athar ar an mac, teangeolaíoch agus eile, a ciorraíodh le bás anabaí an athar in 1884. Léirítear mar a shealbhaigh Seosamh an Ghaeilge, an méid a chuir sé i gcrích mar sholáthraí d'Irisleabhar na Gaedhilge agus ina dhiaidh sin mar eagarthóir ar an iris. Feictear mar a d'fhás a chlú, náisiúnta agus idirnáisiúnta, mar bhéaloideasaí agus mar scoláire, agus mar a d'fhorbair sé mar eolaí ar na canúintí agus mar údarás ar cheartúsáid na Nua-Ghaeilge scríofa. Taispeántar mar a chothaigh sé córas ceartúsáide a leanadh go forleathan go dtí go raibh foclóir an Duinnínigh agus Graiméar na mBráithre ar fáil—dhá shaothar ina bhfuil sé ainmnithe mar chuiditheoir. Ba é a bhua gur fheidhmigh sé uaschaighdeán don phrós nua a cheadaigh tréithíocht na gcanúintí ar leith. Léirítear mar dhuine d'ailtirí na teanga liteartha nua é agus mar cheannródaí a d'fhorbair cultúr cló do Ghaeilge an phobail. Meastar mar eagarthóir sciliúil leabhar agus mar údar bisiúil é. Taispeántar gur thapaigh sé an borradh i bhfoilsitheoireacht leabhar Gaeilge a tharla idir 1900 agus 1915. Léirítear a thionchar ar chomharthaíocht na Gaeilge mar logainmneoir agus mar chartagrafaí. Rinneadh measúnú ar a dhílseachtaí, polaitiúil agus eile, mar shíochánaí i measc náisiúnaithe míleatach. Glacadh leis an dúshlán na ráflaí faoi sa chomhthéacs seo a dheimhniú nó a bhréagnú. Toisc go bhfuil an oiread sin ábhair bainteach leis an Laoideach i gcartlanna éagsúla, braitear gur síolchur an tráchtas seo a chomharthaíonn breis taighde faoi.","abstract_html":"Cuireann an tráchtas seo roimhe cur leis an bhfaisnéis bheathaisnéiseach a bhí ar fáil faoin Dr. Joseph Henry Lloyd agus faoina mhac, Seosamh Laoide, agus míthuiscintí áirithe buanaithe sna cuntais reatha a cheartú. Scrúdaíodh cúlra cultúrtha agus teangeolaíoch na beirte agus na róil a bhí acu, duine ar dhuine, i gCumann Buan-Choimeádta na Gaeilge, agus, i gcás Seosaimh, i gConradh na Gaeilge, ar chuidigh sé é a bhunú. Pléitear tionchar an athar ar an mac, teangeolaíoch agus eile, a ciorraíodh le bás anabaí an athar in 1884. Léirítear mar a shealbhaigh Seosamh an Ghaeilge, an méid a chuir sé i gcrích mar sholáthraí d&#x27;Irisleabhar na Gaedhilge agus ina dhiaidh sin mar eagarthóir ar an iris. Feictear mar a d&#x27;fhás a chlú, náisiúnta agus idirnáisiúnta, mar bhéaloideasaí agus mar scoláire, agus mar a d&#x27;fhorbair sé mar eolaí ar na canúintí agus mar údarás ar cheartúsáid na Nua-Ghaeilge scríofa. Taispeántar mar a chothaigh sé córas ceartúsáide a leanadh go forleathan go dtí go raibh foclóir an Duinnínigh agus Graiméar na mBráithre ar fáil—dhá shaothar ina bhfuil sé ainmnithe mar chuiditheoir. Ba é a bhua gur fheidhmigh sé uaschaighdeán don phrós nua a cheadaigh tréithíocht na gcanúintí ar leith. Léirítear mar dhuine d&#x27;ailtirí na teanga liteartha nua é agus mar cheannródaí a d&#x27;fhorbair cultúr cló do Ghaeilge an phobail. Meastar mar eagarthóir sciliúil leabhar agus mar údar bisiúil é. Taispeántar gur thapaigh sé an borradh i bhfoilsitheoireacht leabhar Gaeilge a tharla idir 1900 agus 1915. Léirítear a thionchar ar chomharthaíocht na Gaeilge mar logainmneoir agus mar chartagrafaí. Rinneadh measúnú ar a dhílseachtaí, polaitiúil agus eile, mar shíochánaí i measc náisiúnaithe míleatach. Glacadh leis an dúshlán na ráflaí faoi sa chomhthéacs seo a dheimhniú nó a bhréagnú. Toisc go bhfuil an oiread sin ábhair bainteach leis an Laoideach i gcartlanna éagsúla, braitear gur síolchur an tráchtas seo a chomharthaíonn breis taighde faoi.","abstract_has_math":false,"creators":["Gilligan, Patrick"],"institution":"Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath /Dublin City University","degree_name":"phd","degree_level":"doctoral","degree_discipline":null,"degree_department":null,"school":null,"contributors":[],"advisors":[],"committee_chairs":[],"committee_members":[],"year":2021,"date_issued":"2021-11","date_published":"2021-11","updated_at":"2026-11-25T19:59:08Z","subjects":[],"languages":["ga"],"rights":[],"rights_urls":[],"identifier_entries":[],"person_identifier_entries":[]},"links":{"outbound_url":"https://doras.dcu.ie/26218/","outbound_label":"Repository record","outbound_source":"dc:identifier.uri","record_url":"https://doras.dcu.ie/26218/","record_label":"Repository record","record_kind":"record","record_source":"dc:identifier.uri","access_status":null,"embargo_until":null,"access_note":null},"oai_pmh_record":{"url":"https://union.ndltd.org/oai-pmh/?verb=GetRecord&metadataPrefix=oai_dc&identifier=oai%3Aunion.ndltd.org%3Arepo%3Adcu%3Aoai%3Adoras.dcu.ie%3A26218","prefix":"oai_dc"},"source_record":{"url":"http://doras.dcu.ie/cgi/oai2?verb=GetRecord&metadataPrefix=uketd_dc&identifier=oai%3Adoras.dcu.ie%3A26218","prefix":"uketd_dc"},"metadata_groups":[{"id":"people","label":"People","entries":[{"key":"dc:creator","label":"Author","values":["Gilligan, Patrick"]}]},{"id":"academic_context","label":"Academic Context","entries":[{"key":"dc:date","label":"Dc Date","values":["2021-11"]},{"key":"dc:date.issued","label":"Date","values":["2021-11"]},{"key":"dc:publisher.institution","label":"Dc Publisher Institution","values":["Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath /Dublin City University"]},{"key":"dc:type","label":"Dc Type","values":["Thesis"]},{"key":"dc:type.qualificationlevel","label":"Dc Type Qualificationlevel","values":["doctoral"]},{"key":"dc:type.qualificationname","label":"Dc Type Qualificationname","values":["phd"]}]},{"id":"language_rights","label":"Language and Rights","entries":[{"key":"dc:language","label":"Dc Language","values":["ga"]}]},{"id":"identifiers","label":"Identifiers","entries":[{"key":"dc:identifier.uri","label":"Identifier URI","values":["https://doras.dcu.ie/26218/"]}]},{"id":"additional","label":"Additional Metadata","entries":[{"key":"dc:description.abstract","label":"Abstract","values":["Cuireann an tráchtas seo roimhe cur leis an bhfaisnéis bheathaisnéiseach a bhí ar fáil faoin Dr. Joseph Henry Lloyd agus faoina mhac, Seosamh Laoide, agus míthuiscintí áirithe buanaithe sna cuntais reatha a cheartú. Scrúdaíodh cúlra cultúrtha agus teangeolaíoch na beirte agus na róil a bhí acu, duine ar dhuine, i gCumann Buan-Choimeádta na Gaeilge, agus, i gcás Seosaimh, i gConradh na Gaeilge, ar chuidigh sé é a bhunú. Pléitear tionchar an athar ar an mac, teangeolaíoch agus eile, a ciorraíodh le bás anabaí an athar in 1884. Léirítear mar a shealbhaigh Seosamh an Ghaeilge, an méid a chuir sé i gcrích mar sholáthraí d'Irisleabhar na Gaedhilge agus ina dhiaidh sin mar eagarthóir ar an iris. Feictear mar a d'fhás a chlú, náisiúnta agus idirnáisiúnta, mar bhéaloideasaí agus mar scoláire, agus mar a d'fhorbair sé mar eolaí ar na canúintí agus mar údarás ar cheartúsáid na Nua-Ghaeilge scríofa. Taispeántar mar a chothaigh sé córas ceartúsáide a leanadh go forleathan go dtí go raibh foclóir an Duinnínigh agus Graiméar na mBráithre ar fáil—dhá shaothar ina bhfuil sé ainmnithe mar chuiditheoir. Ba é a bhua gur fheidhmigh sé uaschaighdeán don phrós nua a cheadaigh tréithíocht na gcanúintí ar leith. Léirítear mar dhuine d'ailtirí na teanga liteartha nua é agus mar cheannródaí a d'fhorbair cultúr cló do Ghaeilge an phobail. Meastar mar eagarthóir sciliúil leabhar agus mar údar bisiúil é. Taispeántar gur thapaigh sé an borradh i bhfoilsitheoireacht leabhar Gaeilge a tharla idir 1900 agus 1915. Léirítear a thionchar ar chomharthaíocht na Gaeilge mar logainmneoir agus mar chartagrafaí. Rinneadh measúnú ar a dhílseachtaí, polaitiúil agus eile, mar shíochánaí i measc náisiúnaithe míleatach. Glacadh leis an dúshlán na ráflaí faoi sa chomhthéacs seo a dheimhniú nó a bhréagnú. Toisc go bhfuil an oiread sin ábhair bainteach leis an Laoideach i gcartlanna éagsúla, braitear gur síolchur an tráchtas seo a chomharthaíonn breis taighde faoi."]},{"key":"dc:format","label":"Dc Format","values":["application/pdf"]},{"key":"dcterms:accessrights","label":"Dcterms Accessrights","values":["public"]},{"key":"dc:title","label":"Title","values":["Na Laoidigh: athair agus mac"]}]}],"canonical_facts":{"dc:creator":["Gilligan, Patrick"],"dc:date":["2021-11"],"dc:date.issued":["2021-11"],"dc:description.abstract":["Cuireann an tráchtas seo roimhe cur leis an bhfaisnéis bheathaisnéiseach a bhí ar fáil faoin Dr. Joseph Henry Lloyd agus faoina mhac, Seosamh Laoide, agus míthuiscintí áirithe buanaithe sna cuntais reatha a cheartú. Scrúdaíodh cúlra cultúrtha agus teangeolaíoch na beirte agus na róil a bhí acu, duine ar dhuine, i gCumann Buan-Choimeádta na Gaeilge, agus, i gcás Seosaimh, i gConradh na Gaeilge, ar chuidigh sé é a bhunú. Pléitear tionchar an athar ar an mac, teangeolaíoch agus eile, a ciorraíodh le bás anabaí an athar in 1884. Léirítear mar a shealbhaigh Seosamh an Ghaeilge, an méid a chuir sé i gcrích mar sholáthraí d'Irisleabhar na Gaedhilge agus ina dhiaidh sin mar eagarthóir ar an iris. Feictear mar a d'fhás a chlú, náisiúnta agus idirnáisiúnta, mar bhéaloideasaí agus mar scoláire, agus mar a d'fhorbair sé mar eolaí ar na canúintí agus mar údarás ar cheartúsáid na Nua-Ghaeilge scríofa. Taispeántar mar a chothaigh sé córas ceartúsáide a leanadh go forleathan go dtí go raibh foclóir an Duinnínigh agus Graiméar na mBráithre ar fáil—dhá shaothar ina bhfuil sé ainmnithe mar chuiditheoir. Ba é a bhua gur fheidhmigh sé uaschaighdeán don phrós nua a cheadaigh tréithíocht na gcanúintí ar leith. Léirítear mar dhuine d'ailtirí na teanga liteartha nua é agus mar cheannródaí a d'fhorbair cultúr cló do Ghaeilge an phobail. Meastar mar eagarthóir sciliúil leabhar agus mar údar bisiúil é. Taispeántar gur thapaigh sé an borradh i bhfoilsitheoireacht leabhar Gaeilge a tharla idir 1900 agus 1915. Léirítear a thionchar ar chomharthaíocht na Gaeilge mar logainmneoir agus mar chartagrafaí. Rinneadh measúnú ar a dhílseachtaí, polaitiúil agus eile, mar shíochánaí i measc náisiúnaithe míleatach. Glacadh leis an dúshlán na ráflaí faoi sa chomhthéacs seo a dheimhniú nó a bhréagnú. Toisc go bhfuil an oiread sin ábhair bainteach leis an Laoideach i gcartlanna éagsúla, braitear gur síolchur an tráchtas seo a chomharthaíonn breis taighde faoi."],"dc:format":["application/pdf"],"dc:identifier.uri":["https://doras.dcu.ie/26218/"],"dc:language":["ga"],"dc:publisher.institution":["Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath /Dublin City University"],"dcterms:accessrights":["public"],"dc:title":["Na Laoidigh: athair agus mac"],"dc:type":["Thesis"],"dc:type.qualificationlevel":["doctoral"],"dc:type.qualificationname":["phd"]},"updated_at":"2026-11-25T19:59:08Z"}