{"id":{"repo_id":"dcu","oai_identifier":"oai:doras.dcu.ie:32058"},"canonical_url":"https://search.ndltd.org/etd/dcu/oai:doras.dcu.ie:32058","repository":{"repo_id":"dcu","name":"Dublin City University","base_url":"http://doras.dcu.ie/cgi/oai2"},"display":{"title":"‘A Bhfuil ar Iarraidh’ Gannionadaíocht na mban i stair na Gaeilge agus ról Ainm.ie in athshlánú scéalta ban","abstract":"Déanann an taighde seo ceist ionadaíocht na mban a chíoradh maidir le Ainm.ie, an Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. Ag tús an tionscadail seo, bhí 185 beathaisnéis faoi mhná sa bhunachar as 1,794 beathaisnéis (10.31%). Tháinig formhór bheathaisnéisí an bhunachair óna réamhtheachtaí, an tsraith leabhar Beathaisnéis (1986–2007), le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. I réamhrá an chúigiú himleabhar den tsraith, mhol na húdair dóibh siúd a aithníonn bearnaí, “forlíonadh dar teideal ‘A Bhfuil ar Iarraidh’ a chur le chéile” (1997, 13). Ceist chigilteach, phráinneach, agus idirnáisiúnta is ea an cheist seo, agus is fadhb fhorleathan í gannionadaíocht na mban i mbunachair bheathaisnéisí timpeall na cruinne. Chuir tionscadail bheathaisnéisí ar nós an Oxford Dictionary of National Biography agus an Australian Dictionary of Biography rompu dul i ngleic le tearcléiriú ghrúpaí ar leith trí thionscadail ‘daoine ar iarraidh’ (missing persons) a chur i gcrích. Tá dhá phríomhaidhm ag an taighde seo mar sin: 1. Na hiontrálacha faoi mhná atá in Ainm.ie cheana féin a chíoradh agus comparáid a dhéanamh idir meiteashonraí na mbeathaisnéisí sin. 2. Na heasnaimh i dtaca le bearnaí in ionadaíocht na mban a aimsiú agus tús a chur lena líonadh. Tríd an scagadh a rinneadh, bhíothas in ann tuiscint níos fearr a fháil ar shaolta na mban a bhfuil a mbeathaisnéisí sa bhunachar, agus bunchritéir a leagan amach do na beathaisnéisí a roghnaíodh mar chuid den tionscadal PhD seo. Tá ceithre phríomhbheathaisnéis ionadaíocha (1,500–2,500 focal) i gcorp an tráchtais: Máire Nic a Liondain (fl. 1755), Nóra Ní Chinnéide (1859–1936), Maggie Tom Dirrane (1899–1995), agus Gráinne Yeats (1925–2013). Cuirtear 181 beathaisnéis de na mná eile a aimsíodh i bhfoirm mionbheathaisnéise (150–250 focal) in Aguisín A an tráchtais. Faightear cur síos sa tráchtas seo ar chúiseanna ghannionadaíocht na mban i stair na teanga agus na gcnuasach beathaisnéisí, beathaisnéisí 185 mhná ‘ar iarraidh’, agus moltaí maidir le leanúnachas an tionscadail athshlánaithe beathaisnéisí seo.","abstract_html":"Déanann an taighde seo ceist ionadaíocht na mban a chíoradh maidir le Ainm.ie, an Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. Ag tús an tionscadail seo, bhí 185 beathaisnéis faoi mhná sa bhunachar as 1,794 beathaisnéis (10.31%). Tháinig formhór bheathaisnéisí an bhunachair óna réamhtheachtaí, an tsraith leabhar Beathaisnéis (1986–2007), le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. I réamhrá an chúigiú himleabhar den tsraith, mhol na húdair dóibh siúd a aithníonn bearnaí, “forlíonadh dar teideal ‘A Bhfuil ar Iarraidh’ a chur le chéile” (1997, 13). Ceist chigilteach, phráinneach, agus idirnáisiúnta is ea an cheist seo, agus is fadhb fhorleathan í gannionadaíocht na mban i mbunachair bheathaisnéisí timpeall na cruinne. Chuir tionscadail bheathaisnéisí ar nós an Oxford Dictionary of National Biography agus an Australian Dictionary of Biography rompu dul i ngleic le tearcléiriú ghrúpaí ar leith trí thionscadail ‘daoine ar iarraidh’ (missing persons) a chur i gcrích. Tá dhá phríomhaidhm ag an taighde seo mar sin: 1. Na hiontrálacha faoi mhná atá in Ainm.ie cheana féin a chíoradh agus comparáid a dhéanamh idir meiteashonraí na mbeathaisnéisí sin. 2. Na heasnaimh i dtaca le bearnaí in ionadaíocht na mban a aimsiú agus tús a chur lena líonadh. Tríd an scagadh a rinneadh, bhíothas in ann tuiscint níos fearr a fháil ar shaolta na mban a bhfuil a mbeathaisnéisí sa bhunachar, agus bunchritéir a leagan amach do na beathaisnéisí a roghnaíodh mar chuid den tionscadal PhD seo. Tá ceithre phríomhbheathaisnéis ionadaíocha (1,500–2,500 focal) i gcorp an tráchtais: Máire Nic a Liondain (fl. 1755), Nóra Ní Chinnéide (1859–1936), Maggie Tom Dirrane (1899–1995), agus Gráinne Yeats (1925–2013). Cuirtear 181 beathaisnéis de na mná eile a aimsíodh i bhfoirm mionbheathaisnéise (150–250 focal) in Aguisín A an tráchtais. Faightear cur síos sa tráchtas seo ar chúiseanna ghannionadaíocht na mban i stair na teanga agus na gcnuasach beathaisnéisí, beathaisnéisí 185 mhná ‘ar iarraidh’, agus moltaí maidir le leanúnachas an tionscadail athshlánaithe beathaisnéisí seo.","abstract_has_math":false,"creators":["Hickey, Orlaith"],"institution":"Dublin City University","degree_name":"phd","degree_level":"doctoral","degree_discipline":null,"degree_department":null,"school":null,"contributors":[],"advisors":[],"committee_chairs":[],"committee_members":[],"year":2025,"date_issued":"2025","date_published":"2025","updated_at":"2026-11-19T11:47:22Z","subjects":[],"languages":["en"],"rights":[],"rights_urls":[],"identifier_entries":[],"person_identifier_entries":[]},"links":{"outbound_url":null,"outbound_label":null,"outbound_source":null,"record_url":null,"record_label":null,"record_kind":null,"record_source":null,"download_url":"https://doras.dcu.ie/32058/1/Orlaith%20Hickey-%20Tr%C3%A1chtas-%20121225.pdf","download_label":"Download PDF","download_source":"dc:identifier.uri","access_status":null,"embargo_until":null,"access_note":null},"source_record":{"url":"http://doras.dcu.ie/cgi/oai2?verb=GetRecord&metadataPrefix=uketd_dc&identifier=oai%3Adoras.dcu.ie%3A32058","prefix":"uketd_dc"},"metadata_groups":[{"id":"people","label":"People","entries":[{"key":"dc:contributor.sponsor","label":"Sponsor","values":["An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta"]},{"key":"dc:creator","label":"Author","values":["Hickey, Orlaith"]}]},{"id":"academic_context","label":"Academic Context","entries":[{"key":"dc:date","label":"Dc Date","values":["2025"]},{"key":"dc:date.issued","label":"Date","values":["2025"]},{"key":"dc:publisher.institution","label":"Dc Publisher Institution","values":["Dublin City University"]},{"key":"dc:relation.isreferencedby","label":"Dc Relation Isreferencedby","values":["https://doras.dcu.ie/32058/"]},{"key":"dc:type","label":"Dc Type","values":["Thesis"]},{"key":"dc:type.qualificationlevel","label":"Dc Type Qualificationlevel","values":["doctoral"]},{"key":"dc:type.qualificationname","label":"Dc Type Qualificationname","values":["phd"]}]},{"id":"language_rights","label":"Language and Rights","entries":[{"key":"dc:language","label":"Dc Language","values":["en"]}]},{"id":"identifiers","label":"Identifiers","entries":[{"key":"dc:identifier.uri","label":"Identifier URI","values":["https://doras.dcu.ie/32058/1/Orlaith%20Hickey-%20Tr%C3%A1chtas-%20121225.pdf"]}]},{"id":"additional","label":"Additional Metadata","entries":[{"key":"dc:description.abstract","label":"Abstract","values":["Déanann an taighde seo ceist ionadaíocht na mban a chíoradh maidir le Ainm.ie, an Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. Ag tús an tionscadail seo, bhí 185 beathaisnéis faoi mhná sa bhunachar as 1,794 beathaisnéis (10.31%). Tháinig formhór bheathaisnéisí an bhunachair óna réamhtheachtaí, an tsraith leabhar Beathaisnéis (1986–2007), le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. I réamhrá an chúigiú himleabhar den tsraith, mhol na húdair dóibh siúd a aithníonn bearnaí, “forlíonadh dar teideal ‘A Bhfuil ar Iarraidh’ a chur le chéile” (1997, 13). Ceist chigilteach, phráinneach, agus idirnáisiúnta is ea an cheist seo, agus is fadhb fhorleathan í gannionadaíocht na mban i mbunachair bheathaisnéisí timpeall na cruinne. Chuir tionscadail bheathaisnéisí ar nós an Oxford Dictionary of National Biography agus an Australian Dictionary of Biography rompu dul i ngleic le tearcléiriú ghrúpaí ar leith trí thionscadail ‘daoine ar iarraidh’ (missing persons) a chur i gcrích. Tá dhá phríomhaidhm ag an taighde seo mar sin: 1. Na hiontrálacha faoi mhná atá in Ainm.ie cheana féin a chíoradh agus comparáid a dhéanamh idir meiteashonraí na mbeathaisnéisí sin. 2. Na heasnaimh i dtaca le bearnaí in ionadaíocht na mban a aimsiú agus tús a chur lena líonadh. Tríd an scagadh a rinneadh, bhíothas in ann tuiscint níos fearr a fháil ar shaolta na mban a bhfuil a mbeathaisnéisí sa bhunachar, agus bunchritéir a leagan amach do na beathaisnéisí a roghnaíodh mar chuid den tionscadal PhD seo. Tá ceithre phríomhbheathaisnéis ionadaíocha (1,500–2,500 focal) i gcorp an tráchtais: Máire Nic a Liondain (fl. 1755), Nóra Ní Chinnéide (1859–1936), Maggie Tom Dirrane (1899–1995), agus Gráinne Yeats (1925–2013). Cuirtear 181 beathaisnéis de na mná eile a aimsíodh i bhfoirm mionbheathaisnéise (150–250 focal) in Aguisín A an tráchtais. Faightear cur síos sa tráchtas seo ar chúiseanna ghannionadaíocht na mban i stair na teanga agus na gcnuasach beathaisnéisí, beathaisnéisí 185 mhná ‘ar iarraidh’, agus moltaí maidir le leanúnachas an tionscadail athshlánaithe beathaisnéisí seo."]},{"key":"dc:format","label":"Dc Format","values":["application/pdf"]},{"key":"dcterms:accessrights","label":"Dcterms Accessrights","values":["public"]},{"key":"dc:title","label":"Title","values":["‘A Bhfuil ar Iarraidh’ Gannionadaíocht na mban i stair na Gaeilge agus ról Ainm.ie in athshlánú scéalta ban"]}]}],"canonical_facts":{"dc:contributor.sponsor":["An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta"],"dc:creator":["Hickey, Orlaith"],"dc:date":["2025"],"dc:date.issued":["2025"],"dc:description.abstract":["Déanann an taighde seo ceist ionadaíocht na mban a chíoradh maidir le Ainm.ie, an Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. Ag tús an tionscadail seo, bhí 185 beathaisnéis faoi mhná sa bhunachar as 1,794 beathaisnéis (10.31%). Tháinig formhór bheathaisnéisí an bhunachair óna réamhtheachtaí, an tsraith leabhar Beathaisnéis (1986–2007), le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. I réamhrá an chúigiú himleabhar den tsraith, mhol na húdair dóibh siúd a aithníonn bearnaí, “forlíonadh dar teideal ‘A Bhfuil ar Iarraidh’ a chur le chéile” (1997, 13). Ceist chigilteach, phráinneach, agus idirnáisiúnta is ea an cheist seo, agus is fadhb fhorleathan í gannionadaíocht na mban i mbunachair bheathaisnéisí timpeall na cruinne. Chuir tionscadail bheathaisnéisí ar nós an Oxford Dictionary of National Biography agus an Australian Dictionary of Biography rompu dul i ngleic le tearcléiriú ghrúpaí ar leith trí thionscadail ‘daoine ar iarraidh’ (missing persons) a chur i gcrích. Tá dhá phríomhaidhm ag an taighde seo mar sin: 1. Na hiontrálacha faoi mhná atá in Ainm.ie cheana féin a chíoradh agus comparáid a dhéanamh idir meiteashonraí na mbeathaisnéisí sin. 2. Na heasnaimh i dtaca le bearnaí in ionadaíocht na mban a aimsiú agus tús a chur lena líonadh. Tríd an scagadh a rinneadh, bhíothas in ann tuiscint níos fearr a fháil ar shaolta na mban a bhfuil a mbeathaisnéisí sa bhunachar, agus bunchritéir a leagan amach do na beathaisnéisí a roghnaíodh mar chuid den tionscadal PhD seo. Tá ceithre phríomhbheathaisnéis ionadaíocha (1,500–2,500 focal) i gcorp an tráchtais: Máire Nic a Liondain (fl. 1755), Nóra Ní Chinnéide (1859–1936), Maggie Tom Dirrane (1899–1995), agus Gráinne Yeats (1925–2013). Cuirtear 181 beathaisnéis de na mná eile a aimsíodh i bhfoirm mionbheathaisnéise (150–250 focal) in Aguisín A an tráchtais. Faightear cur síos sa tráchtas seo ar chúiseanna ghannionadaíocht na mban i stair na teanga agus na gcnuasach beathaisnéisí, beathaisnéisí 185 mhná ‘ar iarraidh’, agus moltaí maidir le leanúnachas an tionscadail athshlánaithe beathaisnéisí seo."],"dc:format":["application/pdf"],"dc:identifier.uri":["https://doras.dcu.ie/32058/1/Orlaith%20Hickey-%20Tr%C3%A1chtas-%20121225.pdf"],"dc:language":["en"],"dc:publisher.institution":["Dublin City University"],"dc:relation.isreferencedby":["https://doras.dcu.ie/32058/"],"dcterms:accessrights":["public"],"dc:title":["‘A Bhfuil ar Iarraidh’ Gannionadaíocht na mban i stair na Gaeilge agus ról Ainm.ie in athshlánú scéalta ban"],"dc:type":["Thesis"],"dc:type.qualificationlevel":["doctoral"],"dc:type.qualificationname":["phd"]},"updated_at":"2026-11-19T11:47:22Z"}