{"id":{"repo_id":"maynooth","oai_identifier":"oai:mural.maynoothuniversity.ie:21224"},"canonical_url":"https://search.ndltd.org/etd/maynooth/oai:mural.maynoothuniversity.ie:21224","repository":{"repo_id":"maynooth","name":"National University of Ireland - Maynooth","base_url":"http://mural.maynoothuniversity.ie/cgi/oai2"},"display":{"title":"Leigheasanna Traidisiúnta ar Ghalair Ainmhithe in Éirinn – Stair agus Comhthéacs","abstract":"Sa tráchtas seo, déantar iniúchadh ar leigheasanna traidisiúnta ar ghalair ainmhithe in Éirinn, agus fiosraítear go leanúnach an nasc idir leigheasanna/tuiscintí leighis ó thréimhse na meánaoise (caibidil 3), go dtí eolas a bailíodh sa naoi haois déag (caibidil 4), suas chomh fada leis an aonú haois is fiche (caibidil 5). Díríonn an taighde seo ar an leanúnachas, agus go deimhin an meath a tháinig ar na leigheasanna seo, agus déantar catagóiriú orthu de réir leigheasanna draíochta, leigheasanna luibhe agus leigheasanna praiticiúla/fisiciúla. Ó thaobh modheolaíochta de, úsáidtear cur chuige ildhisciplíneach a tharraingníonn ar ghort na staire, an bhéaloidis, na heolaíochta (i gcás luibheanna go mór mór), agus na heitneagrafaíochta. I measc na bhfoinsí a úsáideadh, tá taighde a rinneadh ar lámhscríbhinní meánaoiseacha, foinsí béaloidis ar nós Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus, ar deireadh, i gcaibidil a 5 agallaimh a rinneadh le deichniúr i nGaeltacht Chonamara. Cuireann na hagallaimh chomhaimseartha go mór leis an taighde ó thaobh: (i) Eolas ar chleachtais leighis ar leith bainteach le ceantar Chonamara. (ii) Spléachadh ar na tuiscintí agus nósanna bainteach leis na leigheasanna seo, rud a thugann léargas ar chomhthéacs sóisialta agus reiligiúnda an cheantair. (iii) Raidhse téarmaí Gaeilge a bhaineann le leigheasanna traidisiúnta sa réigiún seo. Léiríonn torthaí an taighde seo gur mhair roinnt de na leigheasanna/tuiscintí traidisiúnta ar ghalair ainmhithe — ar nós an creideamh sa drochshúil, úsáid fásraí agus comhábhair eile, chomh maith le cleachtais phraiticiúla/fhisiciúla ar leith suas go dtí an t-aonú haois is fiche. Taispeánann an taighde an leanúnachas, an claochlú, agus an meath a tháinig ar leigheasanna ar leith. Éiríonn leis an tráchtas seo eolas agus téarmaíocht bainteach le leigheasanna traidisiúnta ar ghalair ainmhithe in Éirinn a bhailiú in aon áit amháin chun nach ligfear an t-eolas seo i ndearmad. Déantar anailís ar na leigheasanna ar bhealach a thugann léargas ar an stair ársa a bhaineann leo, an bunús eolaíoch a bhaineann le cuid acu, chomh maith leis an eolas a thugann siad ar thuiscintí pobail maidir le tinneas agus leigheas.","abstract_html":"Sa tráchtas seo, déantar iniúchadh ar leigheasanna traidisiúnta ar ghalair ainmhithe in Éirinn, agus fiosraítear go leanúnach an nasc idir leigheasanna/tuiscintí leighis ó thréimhse na meánaoise (caibidil 3), go dtí eolas a bailíodh sa naoi haois déag (caibidil 4), suas chomh fada leis an aonú haois is fiche (caibidil 5). Díríonn an taighde seo ar an leanúnachas, agus go deimhin an meath a tháinig ar na leigheasanna seo, agus déantar catagóiriú orthu de réir leigheasanna draíochta, leigheasanna luibhe agus leigheasanna praiticiúla/fisiciúla. Ó thaobh modheolaíochta de, úsáidtear cur chuige ildhisciplíneach a tharraingníonn ar ghort na staire, an bhéaloidis, na heolaíochta (i gcás luibheanna go mór mór), agus na heitneagrafaíochta. I measc na bhfoinsí a úsáideadh, tá taighde a rinneadh ar lámhscríbhinní meánaoiseacha, foinsí béaloidis ar nós Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus, ar deireadh, i gcaibidil a 5 agallaimh a rinneadh le deichniúr i nGaeltacht Chonamara. Cuireann na hagallaimh chomhaimseartha go mór leis an taighde ó thaobh: (i) Eolas ar chleachtais leighis ar leith bainteach le ceantar Chonamara. (ii) Spléachadh ar na tuiscintí agus nósanna bainteach leis na leigheasanna seo, rud a thugann léargas ar chomhthéacs sóisialta agus reiligiúnda an cheantair. (iii) Raidhse téarmaí Gaeilge a bhaineann le leigheasanna traidisiúnta sa réigiún seo. Léiríonn torthaí an taighde seo gur mhair roinnt de na leigheasanna/tuiscintí traidisiúnta ar ghalair ainmhithe — ar nós an creideamh sa drochshúil, úsáid fásraí agus comhábhair eile, chomh maith le cleachtais phraiticiúla/fhisiciúla ar leith suas go dtí an t-aonú haois is fiche. Taispeánann an taighde an leanúnachas, an claochlú, agus an meath a tháinig ar leigheasanna ar leith. Éiríonn leis an tráchtas seo eolas agus téarmaíocht bainteach le leigheasanna traidisiúnta ar ghalair ainmhithe in Éirinn a bhailiú in aon áit amháin chun nach ligfear an t-eolas seo i ndearmad. Déantar anailís ar na leigheasanna ar bhealach a thugann léargas ar an stair ársa a bhaineann leo, an bunús eolaíoch a bhaineann le cuid acu, chomh maith leis an eolas a thugann siad ar thuiscintí pobail maidir le tinneas agus leigheas.","abstract_has_math":false,"creators":["Ní Dhroighneáin, Sailí"],"institution":"National University of Ireland Maynooth","degree_name":"phd","degree_level":"doctoral","degree_discipline":null,"degree_department":null,"school":null,"contributors":[],"advisors":[],"committee_chairs":[],"committee_members":[],"year":2025,"date_issued":"2025","date_published":"2025","updated_at":"2026-11-25T20:23:05Z","subjects":[],"languages":["en"],"rights":[],"rights_urls":[],"identifier_entries":[],"person_identifier_entries":[]},"links":{"outbound_url":"https://mural.maynoothuniversity.ie/id/eprint/21224/","outbound_label":"Repository record","outbound_source":"dc:identifier.uri","record_url":"https://mural.maynoothuniversity.ie/id/eprint/21224/","record_label":"Repository record","record_kind":"record","record_source":"dc:identifier.uri","access_status":"embargoed","embargo_until":"2029-12-05","access_note":"Embargoed until 2029-12-05"},"oai_pmh_record":{"url":"https://union.ndltd.org/oai-pmh/?verb=GetRecord&metadataPrefix=oai_dc&identifier=oai%3Aunion.ndltd.org%3Arepo%3Amaynooth%3Aoai%3Amural.maynoothuniversity.ie%3A21224","prefix":"oai_dc"},"source_record":{"url":"http://mural.maynoothuniversity.ie/cgi/oai2?verb=GetRecord&metadataPrefix=uketd_dc&identifier=oai%3Amural.maynoothuniversity.ie%3A21224","prefix":"uketd_dc"},"metadata_groups":[{"id":"people","label":"People","entries":[{"key":"dc:creator","label":"Author","values":["Ní Dhroighneáin, Sailí"]}]},{"id":"academic_context","label":"Academic Context","entries":[{"key":"dc:date","label":"Dc Date","values":["2025"]},{"key":"dc:date.issued","label":"Date","values":["2025"]},{"key":"dc:publisher.institution","label":"Dc Publisher Institution","values":["National University of Ireland Maynooth"]},{"key":"dc:type","label":"Dc Type","values":["Thesis"]},{"key":"dc:type.qualificationlevel","label":"Dc Type Qualificationlevel","values":["doctoral"]},{"key":"dc:type.qualificationname","label":"Dc Type Qualificationname","values":["phd"]}]},{"id":"language_rights","label":"Language and Rights","entries":[{"key":"dc:language","label":"Dc Language","values":["en"]},{"key":"dc:rights.embargodate","label":"Dc Rights Embargodate","values":["2029-12-05"]}]},{"id":"identifiers","label":"Identifiers","entries":[{"key":"dc:identifier.uri","label":"Identifier URI","values":["https://mural.maynoothuniversity.ie/id/eprint/21224/"]}]},{"id":"additional","label":"Additional Metadata","entries":[{"key":"dc:description.abstract","label":"Abstract","values":["Sa tráchtas seo, déantar iniúchadh ar leigheasanna traidisiúnta ar ghalair ainmhithe in Éirinn, agus fiosraítear go leanúnach an nasc idir leigheasanna/tuiscintí leighis ó thréimhse na meánaoise (caibidil 3), go dtí eolas a bailíodh sa naoi haois déag (caibidil 4), suas chomh fada leis an aonú haois is fiche (caibidil 5). Díríonn an taighde seo ar an leanúnachas, agus go deimhin an meath a tháinig ar na leigheasanna seo, agus déantar catagóiriú orthu de réir leigheasanna draíochta, leigheasanna luibhe agus leigheasanna praiticiúla/fisiciúla. Ó thaobh modheolaíochta de, úsáidtear cur chuige ildhisciplíneach a tharraingníonn ar ghort na staire, an bhéaloidis, na heolaíochta (i gcás luibheanna go mór mór), agus na heitneagrafaíochta. I measc na bhfoinsí a úsáideadh, tá taighde a rinneadh ar lámhscríbhinní meánaoiseacha, foinsí béaloidis ar nós Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus, ar deireadh, i gcaibidil a 5 agallaimh a rinneadh le deichniúr i nGaeltacht Chonamara. Cuireann na hagallaimh chomhaimseartha go mór leis an taighde ó thaobh: (i) Eolas ar chleachtais leighis ar leith bainteach le ceantar Chonamara. (ii) Spléachadh ar na tuiscintí agus nósanna bainteach leis na leigheasanna seo, rud a thugann léargas ar chomhthéacs sóisialta agus reiligiúnda an cheantair. (iii) Raidhse téarmaí Gaeilge a bhaineann le leigheasanna traidisiúnta sa réigiún seo. Léiríonn torthaí an taighde seo gur mhair roinnt de na leigheasanna/tuiscintí traidisiúnta ar ghalair ainmhithe — ar nós an creideamh sa drochshúil, úsáid fásraí agus comhábhair eile, chomh maith le cleachtais phraiticiúla/fhisiciúla ar leith suas go dtí an t-aonú haois is fiche. Taispeánann an taighde an leanúnachas, an claochlú, agus an meath a tháinig ar leigheasanna ar leith. Éiríonn leis an tráchtas seo eolas agus téarmaíocht bainteach le leigheasanna traidisiúnta ar ghalair ainmhithe in Éirinn a bhailiú in aon áit amháin chun nach ligfear an t-eolas seo i ndearmad. Déantar anailís ar na leigheasanna ar bhealach a thugann léargas ar an stair ársa a bhaineann leo, an bunús eolaíoch a bhaineann le cuid acu, chomh maith leis an eolas a thugann siad ar thuiscintí pobail maidir le tinneas agus leigheas."]},{"key":"dc:format","label":"Dc Format","values":["text"]},{"key":"dcterms:accessrights","label":"Dcterms Accessrights","values":["staffonly"]},{"key":"dc:title","label":"Title","values":["Leigheasanna Traidisiúnta ar Ghalair Ainmhithe in Éirinn – Stair agus Comhthéacs"]}]}],"canonical_facts":{"dc:creator":["Ní Dhroighneáin, Sailí"],"dc:date":["2025"],"dc:date.issued":["2025"],"dc:description.abstract":["Sa tráchtas seo, déantar iniúchadh ar leigheasanna traidisiúnta ar ghalair ainmhithe in Éirinn, agus fiosraítear go leanúnach an nasc idir leigheasanna/tuiscintí leighis ó thréimhse na meánaoise (caibidil 3), go dtí eolas a bailíodh sa naoi haois déag (caibidil 4), suas chomh fada leis an aonú haois is fiche (caibidil 5). Díríonn an taighde seo ar an leanúnachas, agus go deimhin an meath a tháinig ar na leigheasanna seo, agus déantar catagóiriú orthu de réir leigheasanna draíochta, leigheasanna luibhe agus leigheasanna praiticiúla/fisiciúla. Ó thaobh modheolaíochta de, úsáidtear cur chuige ildhisciplíneach a tharraingníonn ar ghort na staire, an bhéaloidis, na heolaíochta (i gcás luibheanna go mór mór), agus na heitneagrafaíochta. I measc na bhfoinsí a úsáideadh, tá taighde a rinneadh ar lámhscríbhinní meánaoiseacha, foinsí béaloidis ar nós Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus, ar deireadh, i gcaibidil a 5 agallaimh a rinneadh le deichniúr i nGaeltacht Chonamara. Cuireann na hagallaimh chomhaimseartha go mór leis an taighde ó thaobh: (i) Eolas ar chleachtais leighis ar leith bainteach le ceantar Chonamara. (ii) Spléachadh ar na tuiscintí agus nósanna bainteach leis na leigheasanna seo, rud a thugann léargas ar chomhthéacs sóisialta agus reiligiúnda an cheantair. (iii) Raidhse téarmaí Gaeilge a bhaineann le leigheasanna traidisiúnta sa réigiún seo. Léiríonn torthaí an taighde seo gur mhair roinnt de na leigheasanna/tuiscintí traidisiúnta ar ghalair ainmhithe — ar nós an creideamh sa drochshúil, úsáid fásraí agus comhábhair eile, chomh maith le cleachtais phraiticiúla/fhisiciúla ar leith suas go dtí an t-aonú haois is fiche. Taispeánann an taighde an leanúnachas, an claochlú, agus an meath a tháinig ar leigheasanna ar leith. Éiríonn leis an tráchtas seo eolas agus téarmaíocht bainteach le leigheasanna traidisiúnta ar ghalair ainmhithe in Éirinn a bhailiú in aon áit amháin chun nach ligfear an t-eolas seo i ndearmad. Déantar anailís ar na leigheasanna ar bhealach a thugann léargas ar an stair ársa a bhaineann leo, an bunús eolaíoch a bhaineann le cuid acu, chomh maith leis an eolas a thugann siad ar thuiscintí pobail maidir le tinneas agus leigheas."],"dc:format":["text"],"dc:identifier.uri":["https://mural.maynoothuniversity.ie/id/eprint/21224/"],"dc:language":["en"],"dc:publisher.institution":["National University of Ireland Maynooth"],"dc:rights.embargodate":["2029-12-05"],"dcterms:accessrights":["staffonly"],"dc:title":["Leigheasanna Traidisiúnta ar Ghalair Ainmhithe in Éirinn – Stair agus Comhthéacs"],"dc:type":["Thesis"],"dc:type.qualificationlevel":["doctoral"],"dc:type.qualificationname":["phd"]},"updated_at":"2026-11-25T20:23:05Z"}