Back to search

University College Cork

An túrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge

Abstract

dc:description.abstract

Is éard atá curtha romham agam sa tráchtas seo ná an t-úrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge a phlé; chun aitheantas a thabhairt don seánra mar rud ar leith; chun a fhréamhacha a aimsiú agus a thréithe sainiúla a léiriú. Féachaim anseo lena léiriú go bhfuil baint shainiúil ag an úrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge le stair shochteangeolaíoch agus liteartha na hÉireann. Chruthaigh scríbhneoirí Béarla na hÉireann, ar nós Joyce, Beckett agus Flann O'Brien (Brian Ó Nualláin), cur chuige liteartha a raibh toradh ollmhór aige ar chúrsaí liteartha an domhain – go háirithe sa chomhthéacs (iar)-nua-aoiseach. Léireoidh mé gur tháinig an cur chuige seo chun cinn de bharr an choibhnis shainiúil atá ag muintir na hÉireann le teanga – coibhneas atá ginte i nguagacht faoin rud is teanga féin ann. Áitím gur eascair an ghuagacht seo as an athrú stádais – ó phríomhtheanga go mionteanga – a tharla don Ghaeilge. Áitím gur cruthaíodh feasacht ar fholús i bhféiniúlacht na tíre nuair a tharla an t-athrú sin agus go raibh tionchar ag an bhfeasacht seo ar litríocht na hÉireann – idir Ghaeilge agus Bhéarla. Is minic a fhéachann an túrscéal iar-nua-aoiseach, i ngach teanga ina gcleachtar a leithéid, le staidéar a dhéanamh ar na slite ina gcruthaítear brí sa saol trí theanga agus trí reacaireacht. Murab ionann is a mbíonn i gceist san úrscéal ‘traidisiúnta’ – an t-úrscéal ‘réadach’ mar a tuigtear leis – glacann iar-nua-aoiseachas leis go bhfuil solúbthacht agus saorgacht i ngach léiriú ar an mbrí seo. Léiríonn na húrscéalta atá faoi chaibidil sa tráchtas seo an-doimhneacht liteartha. Is saothair fhéinchomhfhiosacha agus mheitificseanúla iad a thaispeánann éiginnteacht i leith brí absalóidigh. Oibríonn siad mar léiriú ar fheidhm na teanga sa saol agus ar na slite ina gcruthaíonn gach reacaireacht a fírinne féin. Cé gur tréithe iar-nua-aoiseacha iad siúd, is tréithe iad chomh maith a bhaineann le stádas na mionteanga.

Degree

thesis:*
Grantor dc:publisher
University College Cork
Year dc:date.issued
2015

Author and committee

dc:creator, dc:contributor.*
Author dc:creator
  • Ó Buachalla, Thaddeus
Advisor dc:contributor.advisor
  • Riggs, Pádraigín

Subjects

dc:subject × 2

Rights

dc:rights
Statement dc:rights
  • © 2015, Thaddeus Ó Buachalla.
Language dc:language.iso
ga

Identifiers

dc:identifier.*
Dc Identifier Citation
Ó Buachalla, T. 2015. An túrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge. PhD Thesis, University College Cork.

Chain of custody

source
Harvested from
University College Cork
Base URL
cora.ucc.ie/server/oai/request
Last updated
2026-11-19
Source record
OAI-PMH GetRecord
citation

Ó Buachalla, Thaddeus. An túrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge. University College Cork, 2015. https://hdl.handle.net/10468/2128