Dublin City University
Léargas ar thaithi mhúinteoirí iar-bhunscoileanna na Gaeltachta: dúshláin ghairmiúla agus riachtanais oiliúna
Abstract
dc:description.abstractCuireann an taighde seo roimhe iniúchadh a dhéanamh ar thaithí ghairmiúil mhúinteoirí iar-bhunscoileanna n Gaeltachta, lena n-áirítear na dúshláin atá le tabhairt acu agus an dearcadh atá acu ina leith. Tá sé mar aidhm ai ge freisin cíoradh a dhéanamh ar na cleachtais oiliúna a bhfuil na múinteoirí páirteach iontu agus ar oiriúnacht na gcleachtas sin dá riachtanais fhorbartha. Baintear leas as an bhfeiniméaneolaíocht chun na ceisteanna taighde agus nithe eile a eascraíonn astu a chíoradh. Is iomaí athrú atá tagtha ar ghairm na múinteoireachta le blianta beaga anuas. Tá tionchar suntasach ag na hathruithe seo ar na múinteoirí, go háirithe ar a bhféiniúlacht ghairmiúil. Is iomaí athrú atá tagtha freisin ar chomhthéacs oideachais na Gaeltachta a thugann dúshlán suntasach do rannpháirtithe an choráis sin. Áirítear i mease na ndúshlán sin: an t-aistriú teanga ó Ghaeilge go Béarla; áiseanna míoiriúnacha teagaisc agus foghlama; deacrachtaí timpeallacht lán-Ghaeilge na scoileanna a chinntiú agus a chothú; freastal éagothrom ar riachtanais oiliúna agus oideachais na rannpháirtithe. Bunaítear an tionscadal seo ar thaighde páirce feiniméaneolaíochta ina gcuimsítear agallaimh ina gcuireann múinteoirí iar-bhunscoileanna na Gaeltachta a dtaithí agus a ndearcadh i láthair, mar aon le taighde tánaisteach a chuimsíonn anailís ar litríocht ábhartha. Is beag taighde atá ar fáil i láthair na huaire ar thaithí ghairmiúil agus phearsanta mhúinteoirí iar-bhunscoile, go háirithe an taighde sin a chuireann guth na múinteoirí sin i lár an aonaigh. Tá an bheama seo le sonrú go láidir sa chomhthéacs oideachais Gaeltachta. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo, tri anailís litríochta agus taighde páirce, an bheama sa chorpas reatha taighde a líonadh agus léargas cruinn a thabhairt ar thaithí an mhúinteora iar-bhunscoile Ghaeltachta.
Degree
thesis:*- Name dc:type.qualificationname
- phd
- Level dc:type.qualificationlevel
- doctoral
- Grantor dc:publisher.institution
- Dublin City University
- Year dc:date.issued
- 2014
Author and committee
dc:creator, dc:contributor.*- Author dc:creator
-
- Ní Thuairisg, Laoise
Rights
- Language dc:language
- ?