Dublin City University
Iniúchadh ar chleachtais litearthachta i gcóras bunscolaíochta Chatagóir A na Gaeltachta: cur chuige praiticiúil d ’fhorbairt na scríbhneoireachta
Abstract
dc:description.abstractDéantar cu síos sa tráchtas seo ar thaighde feidhmeach ar an litearthacht a cuireadh i gcrích i mbunscoileanna Chatagóir A na Gaeltachta. Cuireadh agallaimh ar phríomhoidí i gceantair Ghaeltachta Chatagóir A ar fud na tíre chun a dtuairimí maidir le caighdeán litearthachta na ndaltaí a bhailiú. Rinneadh anailís ar 35 agallamh, áit ar thug na príomhoidí léargas ar chuid de na dúshláin a bhain le cur chun cinn na litearthachta. Bíodh agus go raibh cainteoirí dúchais Gaeilge (TI) ag freastal ar na scoileanna, dheimhnigh na hagallainih go raibh dúshláin ag baint le scríbhneoireacht na Gaeilge sna scoileanna sin. Pléitear a raibh le rá ag na príomhoidí sa tráchtas. Bunaithe ar léargas na bpríomhoidí, beartaíodh togra a chur i bhfeidhm a thacódh le forbairt na scríbhneoireachta i nGaeilge sa seomra ranga. Baineadh leas as braisleshampláil agus scoileanna á roghnú don togra agus díríodh ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí i Rang a Dó agus i Rang a Cúig sna scoileanna sin. Roghnaíodh cur chuige don scríbhneoireacht mar chuid den togra agus cruthaíodh pobal cleachtais do mhúinteoirí chun tacaíocht a thabhairt dóibh agus an cur chuige á chur i bhfeidhm. Tugtar léargas sa tráchtas ar bhunús teoiriciúil an chur chuige a roghnaíodh agus déantar cur síos ar an gcaoi ar cuireadh an cur chuige i bhfeidhm i gcomhthéacs na Gaeltachta. Ina theannta sin, mínítear struchtúr an phobail chleachtais a bunaíodh agus pléitear an chaoi ar baineadh leas as mar áis tacaíochta don chur chuige nua. Déantar scagadh ar an tionchar a bhí ag an togra ar rannpháirtithe an taighde. Pléitear tuairimí na múinteoirí maidir le héifeacht an togra agus fíosraítear tionchar an togra ar fhorbairt scríbhneoireachta na ndaltaí.
Degree
thesis:*- Name dc:type.qualificationname
- phd
- Level dc:type.qualificationlevel
- doctoral
- Grantor dc:publisher.institution
- Dublin City University
- Year dc:date.issued
- 2016
Author and committee
dc:creator, dc:contributor.*- Author dc:creator
-
- Ní Chuaig, Neasa
Rights
- Language dc:language
- ga