Dublin City University
An scéal a thuiscint ón dá insint de: foghlaim agus teagasc na Gaeilge ar an tríú leibhéal trí thaithí an lucht foghlama agus teagaisc araon
Abstract
dc:description.abstractIs iomaí fáth a leanann daoine leis an Ghaeilge go dtí an tríú leibhéal. D’fhéadfaí breathnú ar na fáthanna seo mar inspreagadh tosaigh na mac léinn agus é ag feidhmiú mar choincheap casta agus athraitheach. Tá go leor taighde déanta ar inspreagadh an dara teanga agus neart teoiricí cruthaithe chun tuiscint a fháil ar an fheidhm a bhaineann leis. Cuireadh roinnt de na teoiricí sin in oiriúint do chomhthéacs na Gaeilge agus solas á chaitheamh acu ar na cúiseanna a thugann daoine faoin Ghaeilge agus iad ina bhfoghlaimeoirí fásta. Fiú i gcás na nuachainteoirí, nuair nach raibh ceangal díreach ag an taighde le ceist an inspreagtha, ba luachmhar an léargas a tháinig chun cinn faoi idé-eolaíochtaí agus cleachtais teanga. In ainneoin fhlúirse na litríochta faoi fhoghlaim na Gaeilge ar an tríú leibhéal, ní mór an chomparáid atá déanta ar institiúidí na tíre. Is é aidhm an taighde seo, mar sin, iniúchadh idirinstiúideach a dhéanamh ar inspreagadh na Gaeilge i réimse an ardoideachais trí thuairiscí a bhailiú ón lucht foghlama agus teagaisc. Ba é 22 mhac léinn agus 14 oideoir a bhí páirteach i gcéimeanna cáilíochtúla an staidéir, trí scéal foghlama teanga a scríobh agus / nó agallamh leathstruchtúrtha a dhéanamh, agus ba é 91 fhochéimí a thug freagra ar an cheistneoir iar-staidéir. Cuireann an taighde seo go mór le múineadh na Gaeilge ag gach leibhéal oideachais trí bhéim a chaitheamh ar thionchar na taithí scoile ar mheon agus ar chumas na bhfoghlaimeoirí anuas ar chnuasach de dhea-straitéisí teagaisc a chur le chéile. Dírítear go sonrach ar thaobh mothaitheach na foghlama trí aird chuí a tharraingt ar scéal an fhoghlaimeora aonair agus ar an tábhacht a bhaineann le féinfheasacht agus le machnamh dá gcuid. Caitear súil fosta ar athruithe móra i comhthéacs an ardoideachais ó thaobh cúrsaí teanga, eacnamaíochta agus teicneolaíochta de.
Degree
thesis:*- Name dc:type.qualificationname
- phd
- Level dc:type.qualificationlevel
- doctoral
- Grantor dc:publisher.institution
- Dublin City University
- Year dc:date.issued
- 2026
Author and committee
dc:creator, dc:contributor.*- Author dc:creator
-
- Ní Shluáin, Méabh
Rights
- Language dc:language
- en