Dublin City University
Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí iar-bhunscoile tumoideachais i leith nuathéarmaíocht na Gaeilge
Abstract
dc:description.abstractTá borradh tagtha ar cheist na téarmaíochta sa Ghaeilge le blianta beaga anuas, idir chorpais, bhunachair agus fhoclóirí, ach tá sé tráthúil go gcuirfear dearcthaí an phobail ina leith san áireamh fosta. Is beag taighde a dhíríonn ar nuathéarmaíocht na Gaeilge, áfach, agus níos lú fós a phléann le dearcthaí cainteoirí Gaeilge i gcoitinne ina leith. Sa taighde seo, bailíodh sonraí ar chleachtais agus ar idé-eolaíochtaí teanga na múinteoirí i dtaobh gnéithe ábhartha na nuathéarmaíochta, is iad sin, na téarmaí iad féin, cleachtas cainte an chódmhalartaithe agus acmhainní téarmaíochta agus foclóireachta na Gaeilge. Ní bhíonn rath ar iarrachtaí pleanála teanga nach n-áiríonn dearcthaí, idéeolaíochtaí agus cleachtais teanga an phobail a bhfuil tionchar ag an bpleanáil sin orthu. Níl dearcthaí múinteoirí bailithe i leith na nuathéarmaíochta cé go bhfuil nasc stairiúil le múinteoirí agus forbairt théarmaíocht na Gaeilge. Ní hamháin go dtugtar eolas nua ina leith sa taighde seo agus go ndéantar eolas nua do pholasaithe teanga, ach pléitear ról an mhúinteora mar bhainisteoir teanga i bhfearann an oideachais, agus ról na scoileanna i bhforbairt na teanga chuig an gcéad ghlúin eile. Is dearadh taighde modhanna measctha atá in úsáid sa taighde seo le sonraí a bhailiú ar dhearcthaí na múinteoirí. Tugtar mionléiriú ar thuairimí na múinteoirí i bhfoirm chainníochtúil (ceistneoir N=156) agus cháilíochtúil (agallaimh N=13) agus déantar anailís ar an dá thacar sonraí seo le chéile le tátal a bhaint as na sonraí. Léirítear den chéad uair, dearcthaí cainteoirí Gaeilge, a bhfuil leibhéil chumais éagsúla teanga acu, i leith na nuathéarmaíochta, agus go bhfuil meascán de dhearcthaí dearfacha agus diúltacha i gceist. Cíortar an tábhacht agus an tionchar atá ag na gnéithe ábhartha a luadh thuas ar fhorbairt agus ar mharthanas nuathéarmaíocht na Gaeilge. Aithnítear sa taighde seo nár cheart idé-eolaíochtaí agus cleachtais teanga a phlé astu féin agus gur gá suíomh, comhthéacs agus aidhmeanna an phíosa cainte a chur san áireamh le tuiscint a fháil ar dhearcthaí teanga na múinteoirí i leith na nuathéarmaíochta.
Degree
thesis:*- Name dc:type.qualificationname
- phd
- Level dc:type.qualificationlevel
- doctoral
- Grantor dc:publisher.institution
- Dublin City University
- Year dc:date.issued
- 2025
Author and committee
dc:creator, dc:contributor.*- Author dc:creator
-
- de Poire, Dara
Rights
- Language dc:language
- en