Abstract
dc:description.abstractTugann an tráchtas seo léiriú dúinn ar shaothar iriseoireachta Sheáin Uí Chiarghusa. Tá anailís na scríbhinní seo i gcroílár an tráchtais. I dtosach báire, tugtar léiriú ar shaol Uí Chiarghusa agus é ina oifigeach Custaim is Máil, colúnaí agus conraitheoir gníomhach. Saolaíodh sa bhliain 1873 é agus fuair sé bás i 1956. Ba as Coill na Gráinsí, Co. Phort Láirge dó, fiche míle ó Ghaeltacht na Rinne. Tugann an tráchtas seo léiriú ar an obair a rinne Seán Ó Ciarghusa mar oifigeach Custaim is Máil sa Ríocht Aontaithe, i dTuaisceart na hÉireann agus i mBaile Átha Cliath chomh maith. Anuas air seo, tugann sé léiriú dúinn ar na rólanna éagsúla a bhí aige mar bhall den Chonradh fad is a bhí sé ina oifigeach Custaim is Máil sna háiteanna seo. Nochtann an staidéar seo an fonn a bhí air aidhmeanna agus cuspoirí an Chonartha a chur chun cinn fad is a bhí sé ag obair sna háiteanna difriúla seo. Ag casadh an chéid, d’fhoilsigh sé i ndhá phríomhnuachtán An Claidheamh Soluis agus The Leader, go príomha. Cé nár oileadh mar scríbhneoir é, bhain sé úsáid as uirlis chumarsáide na nuachtán agus na dtréimhseachán, chun a chuid tuairimí a fhoilsiú maidir le conspóidí agus díospóireachtaí comhaimseartha. Is iad seo a leanas liosta na dtéamaí roghnaithe atá mar chuid den staidéar seo; áit na Gaeilge i gcóras oideachais na hÉireann, neamhshuim an aosa óig sa teanga, tionchar an chultúir eachtrannaigh in Éirinn agus stádas na Gaeilge i bPort Láirge, áit dhúchais Uí Chiarghusa, le linn tús na hAthbheochana. Ina theannta sin, tugann Ó Ciarghusa léiriú dúinn ar scoláirí mór le rá na Gaeilge le linn an ama seo. Is gné lárnach í an anailís seo den tráchtas. Is foinsí luachmhara, tábhachtacha, stairiúla iad na scríbhinní seo a chaitheann solas ar dhíospóireachta comhaimseartha na fichiú haoise. Baineann an chaibidil dheireanach le conclúidí an tráchtais agus leis an méid atá foghlamtha againn mar gheall ar Sheán Ó Ciarghusa mar dhuine agus mar scríbhneoir.
Degree
thesis:*- Name dc:type.qualificationname
- mop
- Grantor dc:publisher.institution
- Dublin City University
- Year dc:date.issued
- 2021
Author and committee
dc:creator, dc:contributor.*- Author dc:creator
-
- Sinnott, Mary
Rights
- Language dc:language
- ga